Teagmháil

Location

Sloane Family Practice
Carrowroe South,
Carraroe,
Co. Galway,
H91 YF62

Uaireanta Oscailte

Dé Luain – Dé Céadaoin
9am – 1pm | 2pm – 5pm
Déardaoin
9am – 1pm
Dé hAoine
9am – 1pm | 2pm – 5pm

Uimhreacha teileafóin

Is é seo líne thalún na lialainne a fhreagraítear idir 9am – 1pm agus idir 2pm – 5pm Luan – Aoine, ach amháin Déardaoin nuair atá leathlá sa chleachtas agus a fhreagraítear an fón idir 9am – 12pm. Lasmuigh de na huaireanta sin, bíonn teachtaireacht thaifeadta le cloisteáil ina gcuirtear sonraí an Dochtúra ar Glao-Dhualgas ar fáil. 

Is é seo uimhir an ghutháin glao-dhualgais ar ar féidir teagmháil a dhéanamh leis an Dochtúir Sloane i gcás éigeandála ag am lóin agus nuair atá sé ar glao-dhualgas. Nuair nach bhfuil sé ar glao-dhualgas, bíonn an guthán seo casta as, é sin nó go n-atreoraítear glaonna chuig líne thalún an chleachtais. NÍL aon bhealach le teachtaireachtaí téacs a sheoladh chuig an uimhir seo. 

Ní úsáidtear WhatsApp an chleachtais ach amháin le linn uaireanta oifige agus tréimhsí glao-dhualgais. Seachas na huaireanta sin, bíonn sé casta as nó ní dhéantar monatóireacht air. Ní fhreagraímid glaonna WhatsApp, agus déantar teachtaireachtaí agus íomhánna nár iarradh a scriosadh. Iarraimid ar othair gan faisnéis a chur chugainn ach amháin nuair a iarrtar orthu sin a dhéanamh.

Seoltaí Ríomhphoist

Tá fáilte romhat oideas a ordú ar ríomhphost. Déan cinnte d’ainm agus do dháta breithe a chur ar fáil agus déan an chógaslann ar mhaith leat go seolfaimis an oideas chuici a chur in iúl. Beidh d’oideas réidh lena bhailiú tar éis dhá (2) lá oibre iomlán i ndiaidh an t-ordú a dhéanamh. Chun oideas atá PRÁINNEACH a fháil, cuir glaoch ar an gcleachtas ag an uimhir 091 595200.

Fáiltítear roimh ríomhphoist ó othair. Bí ar an eolas, áfach, go mbaineann an áis seo le ceisteanna NEAMH-PRÁINNEACHA amháin agus tógfaidh sé suas le cúig (5) lá oibre chun freagra a fháil. I gcás ceisteanna práinneacha, ba cheart d’othair teagmháil a dhéanamh leis an gclinic ag an uimhir 091 595200.

Is é seo seoladh ríomhphoist an chleachtais do ghnólachtaí agus do chomhfhreagras neamh-chliniciúil. Níor cheart fiosruithe i dtaobh oideas agus othar a chur chuig an seoladh seo.

Is do chliniceoirí amháin an seoladh ríomhphoist seo, agus is córas ríomhphoist slán é lena n-éascaítear cumarsáid éifeachtach idir Dochtúirí, Altraí Sláinte Poiblí, Ospidéil agus gairmithe Cúraim Sláinte eile.

Scroll to Top