Is Fearr an tSláinte Ná Na Táinte
Health is better than wealth
Notification Section
Misean an Chleachtais
Highest Quality Evidence Based, Medical Care..
Is é an aidhm atá againn ná cúram leighis fianaisebhunaithe ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil duitse, do do theaghlach agus don phobal áitiúil, ó bhreith go bás. Tá cónaí ar an bhfoireann ar fad sa phobal áitiúil agus tuigeann na dúshláin ar leith atá roimh mhuintir Chonamara Theas.
Sloane Family Practice
Uaireanta Oscailte
Ar Glao-Dhualgas
Taobh Amuigh d’Uaireanta Oifige
Taobh amuigh de ghnáthuaireanta oifige (tar éis 5pm gach tráthnóna, tar éis 1pm Déardaoin, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc), táimid ar uainchlár áitiúil 1 as 4 Chonamara Theas a roinntear leis na Dochtúirí McCormack, Murphy agus Penzes. Cuireann Westdoc clúdach ar fáil freisin le linn 20 deireadh seachtaine i rith na bliana. Cuir glaoch ar 091 595200 taobh amuigh d’uaireanta oifige chun uimhir an Dochtúra atá ar Glao-Dhualgas a fháil. Cuir glaoch ar 999 i gcónaí i gcás éigeandála a mbaineann baol báis leis.